top of page

Gaelbhratach

 

Féach an nuacht is déanaí maidir leis an nGaelbhratach anseo.

Is scéim spreagtha í Gaelbhratach a thacaíonn le scoileanna atá ag iarraidh labhairt na Gaeilge a chur chun cinn. Tá an scéim oscailte do bhunscoileanna agus d’iarbhunscoileanna. Bronntar Gaelbhratach ar scoileanna tar éis dóibh spriocanna éagsúla a bhaint amach. Príomhaidhm na scéime ná labhairt na Gaeilge a chur chun cinn agus a chothú i measc phobal uile na scoile.

Is é Gael Linn atá i mbun reáchtáil na scéime le tacaíocht ó Chonradh na Gaeilge agus Glór na nGael. Tá Gaelbhratach maoinithe ag Foras na Gaeilge.

 

Tá páirt á gleacadh ag Coláiste Gonzaga sa Ghaelbhratach ón bhliain 2015 ar aghaidh. Eagraíonn muid go léir imeachtaí gach bliain chun an Ghaeilge a spreagadh sa scoil. 

 

Ar 14 Feabhra 2020, thug Mícheál Ó Muircheartaigh cuairt ar an scoil. Thug sé dá óráid san amharclann inniu. Tugadh comhairle thar a bheith úsáideach do na buachaillí agus na baill foirne a bhí i láthair, mar shampla 'Dúisigh le dúthracht le breacadh an lae' (Greet every day with a positive and hopeful attitude) and 'Bíonn cabhair Dé le fáil ar an mbóthar' (Help is to be found if you ask for it. Don't keep a problem to yourself). Ó Muircheartaigh also advised the boys that if they have ideas they should not be afraid to share them and try them out. If something doesn't succeed the first time, try again. Oráid den chéad scoth; go raibh míle maith agat, a Uasail Ó Muircheartaigh! Féach níos mó grianghraf anseo.

Eagraítear clár iomlán imeachtaí gach Márta le haghaidh Seachtain na Gaeilge. Féach grianghraif ó Sheachtain na Gaeilge 2022 anseo, 2019 anseo agus 2018 anseo

Gaeilge24 2019 1.jpg
Gaelbhratach bronnadh 17.05.2022 (5).jpg
Liam Ó Laoide Gael Linn.jpg
Mícheál Ó Muircheartaigh 14.02.2020 (2).
Mícheál Ó Muircheartaigh 14.02.2020 (1).
bottom of page